ILBF 2012 Training Schemes Now Open
Scéimeanna Oiliúna
The Irish Language Broadcast Fund is seeking applications from fluent Irish speakers for two training schemes.
Tá an scéim d’Iontrálaithe Nua i Scileanna Léiriúcháin don teilifís dírithe ar dhaoine atá nua don earnáil.
Tá an scéim do Léiritheoirí faoi Oiliúint dírithe orthu siúd a bhfuil ar a laghad bliain de thaithí acu san earnáil léiriúcháin agus gur mian leo dul le léiriú nó stiúiriú físe.
I rith na scéimeanna lánaimseartha (Meán Fómhair 2012– Lúnasa 2013), beidh na hoiliúnaithe ag foghlaim na ceirde agus iad ar shocrúcháin le comhlachtaí léiriúcháin teilifíse.
Caithfidh na hoiliúnaithe a bheith líofa sa Ghaeilge. Bheadh cáilíocht tríú leibhéal inmhianaithe go háirithe sna hábhair seo a leanas: na meáin chumarsáide, an Ghaeilge, cuntasaíocht, staidéar gnó, dlí.
Is féidir pacáiste iarratais a íoslódáil anseo:
Scéim d’Iontrálaithe Nua
Cover letter
New Entrants specification
New Entrant application form - Irish
New Entrant application form - English
Monitoring questionnaire
Scéim do Léiritheoirí faoi Oiliúint
Trainee Producer cover letter
Trainee Producer specification
Trainee Producer application form
Monitoring questionnaire
Chun eolais i bhformáidí eile d’fháil dean teagmháil le Bríd Falconer ar:
Scáileáin Thuaisceart Éireann, 21 Sráid Alfred, Béal Feirste BT2 8ED
Teil: 028 90 232444
Ríomhphost: brid@northernirelandscreen.co.uk
Spriocdháta: 5.00 Dé hAoine an 25ú Bealtaine
Ní ghlacfar le hiarratais dheireanacha
Is fostóir comhdheiseanna é Northern Ireland Screen